School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Page 298
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is dócha nách bhfuil ann ac coraidheacht agus cúig blian déág ó thárla an rud seo in Eóchaill. Do bhíodh murduach le feiscint ins an bhfairrge idir Bailefáín (?) agus Eóchaill agus dob' é fear ó Eóchaill dárb' ainm Franc Ó hAinifín a connaic de'n chéád uair í. Maidin go moch bhí sé amuigh i bhfeidhil na gcaorac cois fairrge a bhíódh i gcomhnuidhe ag dul isteach i bpáirc na gcómharsan. Connaic sé rud mó amuigh ins an bhfairrge agus shíl sé gurab amhlaidh a bhí chean de's na caoraig tar éis a bheith báidhte agus go raibh sí ann. Cuaidh sé síós chun na fairrge agus céárd a bhí ann ná murduach - bean áluinn a bhí innte agus mothall de gruag chómh bán le sneachta uirthe. Bhí sí ina suidhe ar charraig agus d'áduig sí a dá láimh. Tháinig sgannradh uathbhásach ar an bhfear agus bhí fhios aige gur murduach a bhí ann. Thosnuig sé ag blaodhbhúirtheach ó's ard. Chuala muinntear na h-áite an béicheach uathbháach agus thángadar 'na sluaighte chun é do shábháil. Cuaidh sé as radharc ar fad annsan agus do fuair duine éigin as gach teach as ar tháínig duine éígin chun í d'fheiscint ach amháín as tig Franc Ó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fóghlúdha
    Gender
    Female
    Address
    Lack, Co. Kerry
    Informant
    Seumas Ó Dúbháin
    Gender
    Male
    Address
    Lack, Co. Kerry