Tá tobar naomhta ar an Mináird agus Tobar Naomh Eóin baiste a tugtar air. Tugtar an turas ann ar an naomhadh lá fichead de Lúghnasa gach blíaín. Timcheall le seasgadh blíaín ó shoin bhí beirt bhan darbh ainm Máire Ní Churráin agus Brighid Ní Shúilleabhán ag tabhairt an turais ann. Chrom Máire Ní Churráin síos ag béal an tobair chun naoi clocha beaga do phriocadh a bheadh aici le hagaidh an turais a dhéanamh. Phrioc sí cloch amháin agus bhí ceann fir istig ann. Nuair a thóg sí na láimh é so chonnaic sí go raibh fuil ag sileadh leis. Níor chuir sí leis ná níor bhain sí úaidh acht é do chur ar ais arís san áit in a bhfúair sí é. An bhlíaín na dhíaídh san bhí an bheirt céadhna ag tabhairt an turais agus do ghéaruig bhrighid Ní Shúilleabháin amach roimh Máire Ní Churráin mar cheap sí go bhfaghadh sí an cloch. Acht dá mbeadh sí ag cúardach ó shoin ní bhfagadh sí tásg ná túairisg air. An neómat dár chrom Máire síos fúair sí é acht má fúair do chuir sí ar ais arís é. Thárlaidh an rud cheanann céadhna an triomadh blíaín agus annsan do theasbáineadh an cloch don sagart. Dubhairt sé gurb é ceann Naoimh Eóin Baiste a bhí ann. Do tógadh séipéal sa pharóisde láithreach agus cuireadh an paróiste fé chumairce Naoimh Eóin baiste. Ó shoin i leith bíonn la saoire agus aifrean
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »