School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
Siúracha na Trócaire

Filter stories

Back
/ 346 Forward
Resolution: Low | High
Moyderwell Convent of Mercy | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

athar agus cómharta an mhic iompuighte ar a gclíatánaibh. Núair a cuirtear aoinne sa túama san fós cloistear an gleó agus an fothram i gcómhnuidhe agus deirtear gurb' amhlaidh a bhíonn muinntear an túama núadh agus muinntear an sean-thúama ag troid agus ag acrann le chéile.

(an seóladh céadhna)

Tá morán sean nós dá cleachtadh sa pharóisde fós mar atá.

An chead oidche den bhlíaín núadh deineann bean an tighe ciste mór agus cuireann sí na sheasamh taobh istig de'n doras é i dtreo is go mbeadh a ndóithin le nithe, is le nól ag an líon tighe i ríth na blíana.

Lá Bealtaine téigheann na leanbaí amach ag baile bláthanna agus leatann síád amach ar fúaid an tighe íad i dtreó is ná béarfadh na púcaí aon nídh as an tig leó.

Ní dúntar an doras ríamh ar oidhche an Nodhlag mar creideann na daoine go

(continues on next page)
Collector
Eibhlís Ní Shúilleabháin
Gender
female
Address
Minard East, Co. Kerry
Informant
Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
Gender
female
Address
Minard East, Co. Kerry
Language
Irish