School: Moyderwell Convent of Mercy (roll number 13530)

Location:
Moyderwell, Co. Kerry
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0441, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Moyderwell Convent of Mercy
  2. XML Page 221
  3. XML “Cath Pháirc na Fola”
  4. XML “Caisleán na Mine Airde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhothán agus cómh lúath agus thagadh aoine amach do mharbhuighidís é. Ar deire do chruinnig na daoine le chéile agus troideadh cath fuilteach i bpáirc ar a dtugtar "Páirc na Fola" go dtí an lá indiú. Bhí an búadh ag na Caitleachaig acht mar sin féin deineadh ár mór ortha. Do cuireadh na daoine a marbhuigheadh san áit in ar thuiteadar. Cuireadh goláin mhóra na seasamh os cionn na háite in ar cuireeadh íád agus do scríobhadh, "ná bain leis na corpaib atá curtha annseo." In Ógham atá sé scríobhtha agus tá sé le feicsint go soiléir go dtí an lá indiú.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ar árdán glas os cionn na fairrge atá an caislean seo. Ní fios cé thóg é acht is lán deimhneach go raibh sé i seilbh na nGearaltach núair a bhí eirghe amach Íarla Deas Múmhan ar siúbhal. Taréis do shaighdiúirí an Íarla Caisleán na Mainghe do thréigint thángadhar go caisleán na Mináirde agus chuireadar i dtreó chosanta í. Badh gheárr go dtáinig na Sasanaig timcheall orta ar mhuir agus ar thír. Do leanadh de ionnsuidhe ar feadh coighcíse. Fén am so do bí stór púdar an chaisleáin idighthe. Fúair na Sasanaig eólas ar sin agus do shéideadar an caisleán agus a raibh innte san aér. Do fúaireathas corp an té a bhí na ceanaire ar shaighdiúirí na nGearaltach imeasg na marbh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlís Ní Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Address
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry