School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 464
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí sean-bheirt i n-a gcomhnuidhe i gConamara fadó.”
(continued from previous page)salachar é. Chuaidh an bheirt acu go dtí Máire agus d'iarradar párdún uirthí. Thug sí sin dóibh. An lá sin chuireadar an t-airgead i n-a áit féin. Tar éis dóibh é é [!] a chur ar ais tháinig an fear saidhbhir go dtí doras a raibh Máire agus Pádhruig ann go bhfeicfeadh sé céard a bhéadh ag tárlughadh. Bhí an máilín i n-a láimh ag Máire agus bhí Pádhraig i gcoirnéal eile de'n t-seomra. Bhuail Máire 'tip' ar an máilín agus d'fhiafruigh sí de cá raibh an t-airgead. Dubhairt Pádhraig go raibh sé i n-a leitheide seo d'áit. Rinne Máire an rud céadhna aríst. An tríomhadh h-uair d'fhreagai[r] Pádhraig go raibh an t-airgead i seomra an fhir. Shíl an fear a bhí ag éisteacht gur b'é an máilín a bhí an fios agus thug sé ceithre chéad punnt dí air. Thug sé an luach saoithir dí agus chuaidh sí féin agus Pádhraig ar ais go Conamara agus ní raibh gabhair ag cur imnidhe ortha uaidh sin amach.(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway