School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 611

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 611

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 611
  3. XML “Liosanna”
  4. XML “Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Liosanna

    Tá lios eile thoir ar an gCloichbhric.

    2) Tá lios eile thoir ar an gCloichbhric. 'Sé teach Sheáin Uí Mhuirraín an teach is goire dhó. Tá sean-sgonnsa thart air agus tá sé an-éasgaidh é a thabhairt fá deara mar tá sé níos aoirde ná an chuid eile de'n talamh. Áit uaigneach é mar ní bhíonn beithidhigh ná dada seólta ann. Bhíodh go leór sidheóga le feiceál ann fadó. Is minic a feictighe fear ann a bhíodh gléasta dubh agus fuil air. Is minic a chuala buachaillí an bhaile sgreadach cráidthe mar bhéadh duine a bhéadh dhá chrádhadh ar bhealach éigín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
    Informant
    Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
  2. Liosanna

    Tá lios eile thart ag an gCuirrín taobh thíos d'Aill na Deóire.

    3) Tá lios eile thoir ag an gCuirrín taobh thíos d'Aill na Deóire. Áit an-uaigneach ar fad é sin agus níl aon teach i bhfoigseacht leith-mhíle dhó. Déanamh cruinn atá air agus níl thart air ach sean-bhalla. Is deacair é a aithneachtáil ach tá sé níos ísle ná an chuid eile de'n talamh. Chonnaic sean-fhear sochraid ann fadó agus níl cur síos ar bith ar an méid sidheóga atá i n-Aill na Deóire i n-aice leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.