School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 467

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 467

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 467
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí triúr dearbhráthar i na gcomhnuide ar an gCloichbhric uair.

    18.
    Bhí triúr dearbhráthar i n-a gcomhnuidhe ar an gCloichbhric uair. Triúr mac do Sheán an Ghrafa a bhí ionnta. Bhíodar an-láidir agus ní bhíodh mórán le déanamh acu. Ní raibh aon droichead ar abhainn na Cloiche-brice an t-am sin agus nuair a bhíodh tuile inntí ní raibh aoinne indon a dhul treasna. Lá amháin bhí an triúr i n-a suidhe ar bhruach na h-aibhne. Tháinig sean-bhean thart agus ní raibh sí indon a dhul treasna na h-aibhne. "Muise is old an triúr fear sibh nach gcuirfeadh clocha 'san abhainn a seasfadh duine ortha" ar sise. Nuair a chualadar sin chuireadar clocha 'san abhainn agus níor imthigheadar as nó gur chruinnigh meathal fear le n-a gcaitheadh as. Faoi cheann tamaill d'imthigh beirt de na dearbhrátharacha ag saothrughadh a mbeatha. D'fan an duine eile 'sa' mbaile agus thug a athair leath a chuid talmhan dó. Níor taithnigh seo leis an tighearna talmhan agus dubhairt sé go gcaithfeadh an mac a dhul chun an phríosúin. "Níl neart air" adeir an t-athair. Faoi cheann seachtmhaine táinig cóiste ó'n tighearna talmhan i n-a choinne. D'imthigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
    Informant
    Máire Ní Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway