School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 478
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 478
- XML “Doineann”
- XML “Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)áit seo. Rinne sé an-domáiste i n-áit ar bith a dtáinig sé go trom. Las na loig 'san áit a raibh sé séidthe bhí sé ó's cionn fiche troigh ar doimhneas. Nuair a bhí an sneachta cúpla lá curtha chuaidh daoine amach ag féachaint i ndiaidh a gcuid caorach agus fuaireadar a gcuid caorach féin agus a gcomharsan plúchta 'sa' sneachta. Is minic a bhíodh sgór nó leath sgór acu le chéile i n-aon logán amháin. Is beag duine 'sa' gceanntar seo ar fágadh aon chaora aige an bhliadhain sin. D'fhan an sneachta ar na cruic nó gur leágh teas na gréine i mí-Mheadhoin an t-Samhraidh é.
Doineann
“Ins an mbliadhain 1901 tháinig triomach mór.”
2) Ins an mbliadhain 1901 tháinig triomach mór. Thosuigh an triomach i dtús an Aibreáin agus níor tháinig aon deór bháistíghe go dtí deiread an Iúil. I ndeireadh an Iúil thosuigh sé ag gleáradh báistighe agus níor(continues on next page)- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Maoilseachlainn Ó hAllmhúráin
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway