School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 455
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá oileán ar Loch Measga ar a dtugtar Oileán na Coille.”
9.
Tá oileán ar Loch Measga ar a dtugtar Oileán na Coille. Tá sé tuairim is trí chéad slat ó'n mbóthar idir thalamh is uisge. Tá sé ráidhte go bhfuil pota óir fá bhun crainn ann agus go mbíonn each uisge 'ghá chumhdach. Bhí sé ceangailte de'n chrann ach bhris an slabhra agus thuit sé go bun an chrainn. Níl fhios cé chuir ann é ach deirtear go bhfaca Micheál Ó Maithnín each uisge i n-a luighe 'san uisge go minic. Tá sé trí sgóir bliadhain o chonnaic sé go deire é.- Collector
- Áine Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Maithnín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
(no title)
“Tá ciste i bhfolach ar bhruach locha Measga, ar thalamh Mhichíl Uí Liodán.”
10.
Tá ciste i bhfolach ar bhruach Locha Measga, ar thalamh Mhichíl Uí Liodán. Creach, mar seoda, péarlaí agus clocha luachmhara atá ann. Níl fhios cé chuir ann é ach tá sé ann le ceithre bliadhna agus ceithre sgóir. Tá sé sé chéad slat ó'n mbóthar agus tá crainnte i n-aice leis. Is minic a chidhtear solus 'san áit a bhfuil an ciste. 'Sé Micheál Búrcach an duine deire a chonnaic é.(continues on next page)