Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. Galway
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí Tighearna ann fadó agus bhí cailín aimsire aige a bhí an-chliste.

    Bhí tighearna ann fadó agus bhí cailiín aimsire aige a bhí an-chliste. Chuaidh sé ag fiadach lá agus dubhairt sé leí béile maith a beith reidthighthedó nuair thiocfadh sé ar ais mar go mbeadh duine uasal leis. D'iarr sé uirthi dhá lach a mharbhughadh. Rinne sí amhlaidh agus fá cheann tamaill chuaidh sí amach le féachaint an raibh an tighearnaag teach ach ní raibh. Chuaidh sí isteach annsin agus fuair sí roinnt agus d'ól é agus dith an dá lach. Chuaidh sí amach annsin agus chonnaic sí an tighearna ag teacht. Tháinig sé isteach i dtosach ar an bhfear a bhí leis agus d'iarr ar an gcailín an dinneár a thabhairt dóibh. Chuaigh sí amach agus dubhairt leis an bhfear amuigh go raibh an tighearna leis an dá chluais a bhainnt de. Rith sé chomh maith is bhí sé in ndan. Dubhairt sí leais an tighearna gur thug an ferar eile leis an dá lach. Rith an tighearna amach agus ghlaoidhair ach sin a raibh aige dá' bárr.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1741: The Priest's Guest and the Eaten Chickens
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Sheóighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Driseachán, Co. Galway
  2. Scéal

    Fadó bhí fear agus a ceahrar mac ina gcóimhnuidhe 'san Iarthar.

    Sgéal
    Fadó bhí fear agus a ceatrar mac i n-a gcómhnuidhe 'san Iarthar. Bhíodar bocht agus d'oibrighidís do thighearna talmhan na h-áite. Lá amháin bhí an ceathrar mac ag obair i bpáirc agus tháinig an tighearna chuca. Dfhiafruigh sé díobh an rachaidís ag bualadh báire fá cheann cúpla lá, i n-éinfeacht le daoine eile. Dubhradar go rachfadh. Bhí geall curtha ag an tighearna le fear eile nach raibh aoinne sa gconndae chomh maith leó. Níor thaithnigh leis an athair iad a dul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.