School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 438

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 438

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 438
  3. XML “Sháraigh na Mná Harry Sceatail”
  4. XML “An Áit is Tiorma dá Ghabháltas”
  5. XML “Ádh ar an Amadán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An áit is tiorma dá ghábhaltas.
    Bhí buachaill óg ann fadó agus bhí sé an-bhocht Tháinig an tighearna talmhan isteach lá ag iarraidh an chíosa. D'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cá raibh a athair. Dubh[ai]rt seisean go raibh sé 'san áit is tiorma dá ghabhaltas Thug an tighearna talmhan £5 dó as innseacht cá raibh an áit sin. Dubhairt sé go dtiubharfadh sé tuille dhó ach nach raibh sé níos lugha ná £100 aige ach an chéad uair eile a casfaí leis é gur chuma cé mhéad a bhéadh aige ach go bhfuigheadh sé é. Chuaidh an tighearna amach an bóithr[ín] agus chuaidh an buachaill amach treasna an garrdha agus bhí sé roimhe ar an mbóthar. "Tá súil agam ar seisean gur fear do t'fhocal thú. Gheall tú go dtiubharfá tuille dom nuair casfaí leat arís mé." Fuair sé céad punt.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT0921: The King and the Peasant's Son
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
  2. Ádh ar an amadán
    Bhí fear bocht ann fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí beirt aca an-ghlic acht ní raibh insan bhfear eile ach amadán. Nuair a bhíodar ag dul ag saothrughadh a mbeatha bhí an bheirt ghlic ag rádh go mbéidís féin an-t-saidhbhir agus nach mbéadh tada ar an amadán.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.