School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 433

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 433

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 433
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanbhean agus a hIníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Uair amháin dá raibh Dómhnaill Ó Conaill í Sasana casadh fear leis a bhí buadhatha.

    (continued from previous page)
    gCo. Chorcaigh." Ní raibh lé déanamh ag an siopadóir annsin acht luach na mbanbh a tabhairt dó
    ----
    Sgéal
    Bhí fear i Sasana fadó agus bhí sé i gcruaidh-chás Casadh Domhnaill Ó Chonnaill air agus d'fhiafruigh seisean de céard a bhí air. "Tá" ar seisean "ceithre beithidheach goidthe agus tá an t-airgead ar fad caithte agam. Ní'l fhios agam beó ceard is fearr dhom a dhéanamh". "Ná bíodh faitchíos ort" arsa Domhnaill "oibreochaidh mise i n-aisge dhuit". Annsin thug sé tistiún dó agus dubhairt leis dul isteach i siopa agus péire bróg fághail ar an airgead sin. "Muna sábháilidh sin tú ní'l fhios agam céard is fearr dhuit a dhéanamh." Rinne an fear amhlaidh cé nár thuig sé an sgéal chor ar bith. Ag an gcúirt lá ar na bhárach d'eirigh Dómhnaill agus labhair. "Tá aithne agam-sa ar an bhfear seo" ar seisean "ó chuir tistiún bróga air agus ní fhaca mé aon cheó déanta as bealach aige ó shoin. Tá mé i ndon an mhéid sin a mhionnughadh." "'S dóigh go mba bheag an eadáil é nuair chuir tistiún bróga air. Saortar é." Chuaidh an fear amach saor.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sean-bhean agus a h-inghean
    Bhí sean-bhean ar an mbaile seo fadó agus bhí bean óg d'inghean aicí. Bhí siad an-tsaidhbhir agus go leor beithidheach agus caorach aca. Mar gheall ar a saidhbhreas bhí go leor fear ag iarradh na mná óige le pósadh. Bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway