School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 424
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí bean amuigh ar an sliabh lá ar thóir géabh.”
Scéal
Bhí bean amuigh ar an sliabh lá ar thóir géabh. Cadsaidh cailín leí a bhí caillte le bliadhanta agus bhí fhios aicí gur suachóg a bhí innti. Chuaidh sí abhaile leis an mnaoí agus bhí sí na cailín aimsire aici. Phós sí féin agus buachaill óg a bhí sa teach agus bhí triúir páistí aca ach cailleadh iad go léir. Bhí fear tinn ar an mbaile agus chuadar ar cuairt chuige. Bhí an cailín ag caoineadh gach uair a ndeachadarann. D'fhiafruigh an fear di tuige a raibh sí ag caoineadh an t-sean-fhir sin agus gan í ag caoineadh a cuid páistí féin. Dubhairt sí go raibh fhios aicí gur bé Dia a bhí 'á dtabhairt uaithi ach gur é an diabhal a bhí ag tabhairt an t-sean-fhir leis.- Collector
- Eibhlín Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway
Scéal
“Bhí fear 'san áit seo fadó agus bhí sé ag lorg oibre.”
Sgéal
Bhí fear 'san áit seo fadó agus bhí sé ar lorg oibre. Saor cloiche a bhí ann ach ní raibh aon páipéar aige. Sa deireadh fuair sé obair ar chaisleán a bhí ag tighearna talmhan. Ní raibh meas ar bith ag na fearaibh eile air. Lá amháin nuair a bhíodar ag dul chuig a ndinnéar d'fhiafruigh sé dá mhaíghistir céard a bhí sé a dhéanmh, ar ais d'fhiafruigheadar de céard a bhí sé a dhéanaimh, 'nár iarr sibh orm car is dá iorball a dhéanamh" ar seisean. BHíodar ag magadh faoi. Fuair sé píosa de'n teach dó féin. B'fhacthas dó go mba cheart fuinneog a bheith(continues on next page)