School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 435

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 435

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 435
  3. XML “Seanbhean agus a hIníon”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an bhean cuireadh do'n cheathrar chuig féasta. Leag sí anuas ceithre chupán agus dubhairt leo suidhe chun buird. Leag sí píosa leathair chuig an ngréasuidhe, píosa adhmaid chuig an siúinéar agus píosa éadaigh chuig an táilliúr. Leag sí greadadh le n-ithe 's le n-ól ag an bhfeilméar. Nuair a chonnaic an triúr eile an cleas a h-imreadh ortha chuadar amach. D'fhan an feilméar ón am sin amach.
    Cáit Nic Allmhuráin, Clochbhreac, Co. na Gaillimhe. Aois 16 bl.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí Éireannach i Sasana fadó agus bhí coir mhór déanta aige.

    Sgéal
    Bhí Éireannach i Sasana fadó agus bhí coir mhór déanta aige. Casadh Domhnaill Ó Conaill air agus d'iarr sé cómhairle air. "Ní'l aon pingin agam" ar seisean le dada íoc". "Ná bíodh faitchíos ort" arsa Dómhnaill oibreóchaidh mise i n-aisge dhuit. An lá bhéas tú dul 'un na cúirte tabhair leat ladhar ghainimh mín agus íocfaidh sí chuile shórt dhuit." "'S doiligh rádh" ars an fear go n-íocfaidh ladhar ghainimh mín mórán airgid." Mar sin féin rinne sé amhlaidh. Nuair bhí an giuistís ag dul ag ainmniughadh an méid príosúntachta a gheobhfadh sé "teann faoí" ars an Connallach leis-san. Ní dheárna an fear ach an gaineamh a chaitheadh idir an dá shúil ar an ngiuistís. "Coinighidh chúig nóiméad é" ar seisean. Thóg an Connallach amach a uaireadóir agus d'fhan ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway