School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. Galway
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 423

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 423

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 423
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht.

    (continued from previous page)
    tuigh uaidh pósadh ach cheap sé nach bpósfadh aoinne é mar geall ar é beith bocht. Bhí bean ann agus teastuigh uaidh í pósadh mar nach raibh aon aithne aicí air. Thug sé amach ar chnocán í oidhche ghealaighe. Leig sé air fhéin go raibh go raibh [!] go leor talmhan aige. 'Sbáineadh sé feilm de agus chuimileadh bos dhá leiceann ag rádh "gach a bhfuil annsin 'sliom-sa é". Lean sé mar sin go raibh go leor talmhan 'sbáinte aige dí. Pósadh iad agus fá cheann seachtmhaine dubhairt an bhean "tuige nach dtéigheann tú amach ag féachaint ar do chuid stuic." "Bhoil" ar seisean 'sé bhfuil de stoc agam-sa an cat agus an dá lach a fheiceas tú annsin ar an urlár."
    Chuir sí dligheadh air agus h-imirigheadh go leór cleas air. Dubhairt sé leí "gach uair a 'sbáin mise feilm duit-se chuimileas mo bhos dhe mo leiceann agus dubhras "gach a bhfuil annsin 'sliomsa é. Agus nár liom?" Bhí an fhírinn aige agus géilleadh dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal

    Bhí fear ann faó agus bhí go leor ba aige.

    Sgeal.
    Bhí fear ann fadó agus bhí go leór ba aige. Connaic sé girrfiadh ag ithe leis na ba agus cheap sé é mharbhughadh. Gach urchar a chaitheadh sé leis bhaineadh sé slam fhionnuigh de. Lá amháin chuir sé táirnge i n-urchar agus leis sin mharbhuigh sé é. I n-a dhiaidh sin bhí gach mí-ádh níos-measa ná a chéile air. Cailleadh na ba agus na caoirigh air agus fiú a muinntir féin fuaireadar bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Nic Allmhúráin
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway