Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. Galway
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 602

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 602

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 602
  3. XML “Paidir”
  4. XML “Ochón agus Ochón Ó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'S tú an Réált Eolais dhuínn ins gach bealach
    Go Cúirt na Gloíre go dteorighidh tú ar n-anam
    A Mhaighdean Bheannuighthe mháthair Dé
    Soilse ghleígil bhí gan smál
    A choinnil lóchrann tá i bhFlaithis Dé
    Go raibh linn ar uair ár mbaís
    A Mhuire mhíne mháthair Críosta
    'S tú thóig an ríogh bhí riamh gan locht
    Thug tú am duínn leis an aithrighe dheánamh
    Nach beag an buidheachas duínn smaoineadh ort
    Cáit Nic Allmhúraín, Clochbhreac
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. A Pheadair Aspoil bhfaca tú mo grádh-sa
    Chonnaic mé indé é ag leígheadh na páise
    Óchón agus óchón ó
    Ó Pheadair Aspol bhfaca tú mo grádh-sa
    Chonnaic mé indé é i gcrann na paíse
    Óchón agus óchón ó
    An é seo an casúr a thiomáin na táirngní?
    Ochón agus óchón ó
    An é seo an meanadh a tholl an áit dóibh?
    Óchón agus óchón ó
    An é seo an raspa a ghéaraig a mbárr?
    Óchón agus óchón ó
    Níl aoinne a ghoilfeadh trí bhraon faoí m'ádhbhar
    Nach dtiubharfainn a luach do i nGaírdín Párrthais
    Óchón agus óchón ó
    Caít Nic Allmhúraín, Clochbhreac
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Fhairche, Co. Galway