School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 417
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí bean ann fadó a bhí an t-saidhbhir dárbh ainm Máire Ní Cheallaig.”
Bhí bean ann fadó a bhí an-t-sadhbhir dárbh ainm Máire Ní Cheallaigh. Ní raibh sa teach ach a mac agus bhí sé pósta. Níor mhaith leis an t-sean-bhean bean a mhic agus is iomdha achrann a bhíodh eatorra. Ba mhaith leis an mbean óg go bhfuigheadh an t-sean-bhean bás mar cheap sí go mbéadh go leór airgid i n-a dhiaidh ach bhí an t-sean-bhean ag cuimhnuigheadh ar rud éigin eile. Nuair a bhí sí ag fághail bháis d'iarr sí an cóta a bhí uirrí ag fhágail uirrí agus í á cur. Cuireadh an t-sean-bhean agus bhí an-áthas ar an mbean óig mar cheap sí nach mbéadh sí bocht go deó. Nuair a chonnaic sí céard a thárla bhí malairt sgéil aicí. D'iarr sí ar a dearbhráthar poll a dhéanamh ag ceann na h-uaighe le cloch a chur i n-a seasamh. Rinne seisean amhlaidh. An oidhche sin thug sé craiceann buir adhareach leis agus chuaidh go dtí an uaig. Bhí sé ag dul síos i gcoinne an óir nuair chonnaic sé solus ag teacht chuige thrí na crainnte. Tháinig sé aníos as an uaigh agus cuaidh i bhfolach. Tháinig an bhean go dtí an uaigh agus síos leí. Nuair a chonnaic an fear tíos í thosuigh sé ag cartaidh agus ag déanamh torainn. Nuair a chonnaic síse na h-adharca rith sí chomh mait is bhí sí i ndan agus í ag rádh " nach mairg a béadh sanntach i maoin an t-saoghail seo."- Collector
- Liam Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- Driseachán, Co. Galway