School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Driseachán
- XML Page 416
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Fadó bhí fear agus a ceahrar mac ina gcóimhnuidhe 'san Iarthar.”
(continued from previous page)ag bualadh, ach dubhradar nach nglacfaidís a chómhairle. Nuair a tháinig an lá bhí gach rud i gcaoí agus i gcóir aca. An mhaidin sin leigeadar ortha féin gur ag obair a bhíodar ag dul. Nuair a bhíodar as amharc an tighe chuadar chuig teach an tighearna. Thosuigh an tighearna 'á moladh agus bhí súil aige go n-eireócha[dh] leó. Thosuigh an dá taobh ag bualadh. Bhí ag éirigh go maith leis an taobh a bhí i n-aghaidh na clainne ach sa deireadh siadh clann an fir bhoicht a ghnóthuigh an lá. Bhí riméad ar an tighearna agus d'ío[c] sé go maith iad agus thug a mbéile dóibh. Bhí sé i n-'oidhche nuair a shroiseadar an teach agus bhí faitchíos ortha dhul isteach. Dubhradar go bhfanfaidís sa sgioból ar fead na h-oidhche. Bhain Niall, an duine a b'óige díobh a bhróga de agus chuaidh go dtí fuinne[óg] an tighe. Bhí a athair agus a mháthair istigh ar an teaghlach ag cainnt Chuala sé a athair a rádh 's dóiche gur sa sgioból a bhéas siad anocht agus 's feárr é a lasadh anocht" "Seachain" ars an bean "a mbéidhteá ag cuimhniughadh air." "Dún do bhéal tusa agus go chodladh." Nuair a chuala Niall sin rith sé chuig na buachaillí eile agus d'innis an sgéal dóibh. Chodluigheadar i sgioból cómharsa[n] an oidhche sin. Amach i lár na h-oidhche las an t-athair an sgioból mar cheap sé go raibh an chlann ann. D'imthigh an chlann ar fud an baile ag obair nó gur cailleadh an t-athair. Sgannruigh an mháthair nuair a thángadar mar cheap s[í] go rabhadar caillte. D'innis siad an sgéal dí agus bhí an-áthas uirthí. Bhí saoghal maith aca i n-a dhiaidh sin- Collector
- Liam Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- Driseachán, Co. Galway