School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Sliogáin na Mara - Úsáid na nIasc Sin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

San earrach pioctar na báirnigh, na dúilicíní agus na faochóga agus bruithtear iad agus ithtear iad mar annlán le fataí. Pioctar as na sligeán iad agus iad(?) bruithte léar mar bhíonns duine gá n-ithe. Nuair a bhíonns baileachán díobh le chéile tugtar "Cruasac" orra.
San samhradh pioctar na rúacain agus bruithtear iad. Deirtear nach mbíonn na(?)
rúachain i séasur go bhfhuighidh síad "trí deochanna de sháile an Aibreáin."
Go minic déantar leath-bhruith ar na h-éisg seo agus pioctar amach as na sligeáin iad. Annsin cuirtear na h-éisg amháin síos áth-úar le bruith a thuilleadh agus annsin cuirtear bainne agus piobar(?) orra, agus roinntear amach an éadáil sin(?) ar phláta. "Maorach" a tugtar ar an annlan sin.
Nuair a bhíod crap maith de

(continues on next page)
Collector
Micheal Mac Éinrí
Gender
male
Address
Bangor, Co. Mayo
Language
Irish