School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 142

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Beannchor Iorrais
  2. XML Page 142
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa t-Sean aimsir chuaidh Murchadha Mór agus Murchadha Beag amach lá breágh Fóghmhair ar fud coille agus thanghadar chómh fada le crann mór a raibh sugh chraobh ag fás air. Ba mhaith leo na sugha chraobh a fhághail le n-ithe agus thosuigheadar ag smaoineadh ar an gcaoí a b'fhearr le dhul anáirde fá na ndéin. D'árduigh Murchadha Beag Murchadha Mór suas ar a ghualnaibh gur fhéad sé breith ar ghéig agus siúd in-áirde é annsin le teann strapadóireachta go barr an chrainn.
    Thosuigh air annsin ag piocadh sugh chraobh agus gá gcaitheamh anuas chuigh Murchadha Beag agus léir mar bhí siad ag teacht anuas chuige-san bhí sé gá n-ithe. Bhí Murchadha Mór ag soláthair agus é in áirde ar an gcrann gur sháruigh air a thuilleadh a fhágháil agus annsin d'ísligh sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Micéal Mac Éinrí
    Gender
    Male
    Address
    Bangor, Co. Mayo
    Informant
    Tomas de Búrca
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Pontoon, Co. Mayo