School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)
- Location:
- Bangor, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Énrí

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 227
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Beannchor Iorrais
- XML Page 227
- XML “Gabha an tSoic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bfhad ó shoin i gChlíath Bhearna i nDún Fhianaigh in-aice le Baile Chaisil i gConndaé Muigheó bhí Gabha in-a chómhnaidhe. Ní raibh gabha ar bith in-ann soc céachta a dhéanamh chómh maith leis. Oídhche amháin dá raibh sé in-dhiaidh obair an laé do chuir isteach tháinig marcach chun an dorais agus d'iarr sé air an gcuirfhead sé crúidhthe ar an gcapall dhó. "Tá sé in-an tráth le dul chun na ceárdchán dhom" arsa an gabha.
"Déanfhaidh mé fhein an obair ma thugann tú iasacht na ceárdchan dom." arsa an marcach.
"Bhéarfad agus fáilte acht rachfaidh mé fhéin leat" arsa gabha an tsuic.
Ghliúis an bheirt acú chuig an gceardcháin. Cuir an strainséar súas na h-iarnacha. Rinne sé na cruidhte agus chuir le bonn iad. Núair a bhí sin déanta aige fúair sé túagh agus bhain sé na cosaibh ó na glúanaidh anúas de'n chapall agus bhain sé na crúidhthe de na cosaí aris. Thóg sé buidéal as a phóca agus bhí cleite ann agus chúimil(continues on next page)- Collector
- Miceál Mac Énrí
- Gender
- Male
- Address
- Bangor, Co. Mayo
- Informant
- Padraig Ó hEigeartaigh
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Gleann na Muaidhe, Co. Mayo