School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Bás an Ghadaí Dhuibh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Aon lá amháin bhí an Gaduidhe dubh gan biadh agus rinne sé suas a inntin a dhul faoi dhéin bulán thar abhainn. D'imthigh leis agus nuair a bhí sé ag cur an bhulán thar an abhainn sheas sé agus thosuigh an Gaduidhe dubh ghá thiomáint acht ní raibh aon mhaith ann. Dubhairt sé leis féin go raibh rud eicínt ag cur faitchíosa ar an mbulán agus síos leis chun na h-aibhne agus amach leis innti go bhfeicfeadh sé céard a bhí ann. Chonnaic sé fear agus slat in a láimh aige agus d'fhiarruigh an Gaduidhe dubh dhe céard a bhí dhá dhéanamh aige annsin. Dubhairt an fear gur raibh sé ag dhéanamh aithrighthe mar gheall ar ghaduidheacht a rinne sé agus nach mbeadh Dia sásta go dtiocfadh fás as an slait. "Más mar sin é" arsa an Gaduidhe dubh "go bhfóiridh Dia orm-sa." "Creidim" arsa an Gaduidhe dubh "gur riochtanach dom-sa aithrigh dhéanamh freisin"

(continues on next page)
Collector
Micheál Mac Énrí
Gender
male
Address
Bangor, Co. Mayo
Informant
Seán Ó Rathallaigh
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Doolough, Co. Mayo
Language
Irish