School: Driseachán (roll number 16647)

Location:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Nora Ní Mhaolchaoin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 411

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 411

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Driseachán
  2. XML Page 411
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ar aimsir.

    (continued from previous page)
    ann ach chuimhnigh sé ar an gcomhairle a fauir sé agus lean do’n bóthar díreach. Ní dheachaidh sé I bhfad gut chuala sé gleó agus séard a bhí ann daoine a bhí ag iarraidh an fear eile a mharbhughadh agus a chuid airgid a bhaint dhe, ach ní raibh aige ach trí leath-choróin mar chuir sé an chuid eile ‘san mballa ‘san áit ar sgar an bheirt ó chéile. Shuibhail an fear eile leis go dtáinig sé go dtí teach agus chuaidg sé isteach ann chun lóistín na h-oidhche d’fhághail. Bhí bean óg agus sean fhear sa teach. D’fhiafruigh sé de’n fhear arb inghean dó í agus dubhairt sé nárb eadh ach a bhean. Chuaidh sé amach agus casadh fear óg do ag dul isteach. Bhain sé píosa as a chóta nuair bhí sé ag caint leis. Chodail sé i n-aice an tighe agus amach ‘san oidhche chuala sé torann agus chuimhnigh gur mharbhuigh an fear óg an sean-fhear. D’imigh sé agus fá cheann cúpla lá cuireadh tóir ar an té a mharbhuigh an sean-fhear. Dubhairt sé seo leis an dligheadóir fir óga an bhaile a thabhairt le chéile agus feáchaint an raibh píosa bainnte as cóta aoinne. Chonnaic sé go raibh agus crocadh an fear. D’imigh leis annsin go dtáinig sé abhaile. Bhí a bhean is a mhac in-a gcoladh agus rug sé ar an tuagh ach chuimnigh sé an gcómhairle a fuair sé agus shuidh síos ag caitheamh a phíopa. Nuiar a d’fheach an mac dubhairt sé go raibh a athair taghta. Níor chreid an mháthair é ach nuair a d’fhéach sí bhí fhios aice gur bé bhí ann. Thosuigh ag réidhteach a bhéile dhó. D’iarr sé uirti an cáca a thug sé leis a ghearradh. Nuair a thosuigh sí ‘á ghearradh thosuigh na píosaí óir ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Sheóighe
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Driseachán, Co. na Gaillimhe