School: Driseachán (roll number 16647)
- Location:
- Driseachán, Co. Galway
- Teacher: Nora Ní Mhaolchaoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí an-chliste. Chaith sí gealladh nach ngabhfadh sí i mbárr breithe [?] air. Bhí an thír ar fad fá n-a smacht ag Harry agus ceist ar bith bhéadh le socrughadh tugtaí ó's a chómhair í.
Bhí beirt fhear ann an t-am seo agus bhí láir agus gearrán aca. Bhí searrach ag an láir a bhíodh i gcómhnuidhe leis an ngearrán. Fá cheann tamaill thosuigh fear an gearráin ag rádh gur leis féin an searrach. Tugadh an chúis ós cómhair Harry. Dubhairt seisean an péire leigean amach ar an gcnoc agus an ceann a racadh sé abhaile leis é fhágail ag a máistir. De réir an t-socrughadh sin ba le máistir an ghearráin an searrach. Lá amháin tháinig an fear ar leis an láir chuig bean Harry agus d'iarr congnamh uirthí. Dubhairt sí leis dhul ag iasgaireacht ar lochán a bhí i n-aice an tighe agus fanacht ann go dtagadh a fear abhaile. Rinne sé amhlaidh. Nuair a tháinig Harry d'fhiafruigh sé de céard a bhí sé a dhéanamh agus dubhairt sé gur ag iasgaireacht. "Ara amadáin cé'n uair chonnaic tú iasg ar lochán"? arsa Harry. "Feictear dom" ars an fear "go bhfuil sé chomh ceart iasg a bheith ar an lochán le searrach a bheith ag gearrán." Tháinig buile ar Harry mar bhí fhios aige gur bí a bhean a chuimhnigh ar an gcleas. D'orduigh sé dí imtheacht. Bhí sí sásta ach an trí rud a bfeárr leí fhághail. Thug sí leí ar dtús mála airgid, an dara rud an malrach óg agus an treas rud. "Siubhail leat tú féin anois 's feárr liom thú ná rud ar bith." Ní raibh le déanamh aige ach i thabhairt ar ais. Bhí saoghal(continues on next page)- Collector
- Cáit Nic Allmhúráin
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. Galway