School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 183

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 183

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Beannchor Iorrais
  2. XML Page 183
  3. XML “Scéal - An Dílleachta Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé ag tarraingt ar am codalta labhair an buachaill mar seo:-
    "Mo léan nach raibh mo leac líghte, agus mo cosa nighte,
    agus mé imo codladh."
    D'fiafruigh an t-athaír de céard bá ciall leis an rádh sin. D'innis an mac do gurab ar leic an teinnteain a leagtaí an suipear do agus go gcáithfeadh sé a lige dí agus nach mbhíodh aon tsuaímhneas aige acht an fháid is bhíodh sé in-a chodhladh. Bhagaír an t-athaír ar an mnaoí agus ar na paistí eile agus dubhaírt sé leó gan láimh a leagaint ar an dileachtaídhe bocht arís. Núair a chúala an buacaíll an chaínnt chineálta sín thainíg mísneach chuige. Sheas sé í lár an urláir agus dúbhairt sé leis an mbuachaíll eile a bhíodh dhá smachtadh:-
    "Is geárr idir indhiú is indhé
    Is gearr a bhíonns an léan ag teacht
    A Ghíolla udaigh thall a shíneadh uait do mhéar
    Cuirfhidh tú fhéin na caoirí isteach anocht."
    Níor bhac síad leis a thuílleadh leigeadh dhó a rogha rud a dhéanamh as sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Mac Énrí
    Gender
    Male
    Address
    Bangor, Co. Mayo
    Informant
    Bean Nic Énrí
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Tulachán Dubh, Co. Mayo