School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)
- Location:
- Bangor, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Énrí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Beannchor Iorrais
- XML Page 133
- XML “Tórramh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cuirtí ós cionn clár iad ins an leabaidh ach anois cuirtear ins an gcónra iad. Bhíodh bráithlíní bána ar gach taobh de'n leabaidh agus bhíodh croisíní dubha i bhfastódh ionnta.
Téigheann daoine go dtí torramh le paidreacha a chur le anam an té atá marbh agus le cómh-bhrón a ghlacadh le muinntir an tighe.
Fadó bhíodh ceithre coinnle ar lasadh ar chrois i lár an chistinigh. Croctaí an crois anuas ó'n síléar le clár agus bhíodh trí choinnle ar lasadh ar bhord beag le h-ais an chuirp.
Togann ceathrar dé'n tsloinneadh ceadhna leis an té atá marbh an corp as an teach agus fágann siad ar dhá stóil taobh amuigh é. Annsin craithtear uisge coisreacan. Nuair a tógtar an corp de na suidheacháin leagtar na suidheachain i n-aghaidh a céile.
Annsin(continues on next page)- Collector
- Brighid Nich Énrí
- Gender
- Female
- Address
- Bangor, Co. Mayo
- Informant
- M. Mach Énrí
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Bangor, Co. Mayo