School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nár gcodhladh." Sgaoil sé amach Jack annsin.
Tháinic an oidhche. Bhí fear a fuair bás sa mbaile mór tar éis a chur. D'imthigh Jack agus thóig sé an corp. Bhí an duine ag faire féachaint a bhfeicfheadh sé Jack ag teacht isteach imbealach ar bith. Bhí gunna lódáilte aige le Jack a chaitheamh. Bí Jack taobh amuigh d'fuinneóig an t-seomra a raibh an duine uasal agus a bhean in a gcodhladh ann, agus an corp crochta suas ar aghaidh na fuinneóige aige. Chrochadh sé suas é, agus leigfead sé anuas é. Cheap an duine uasal gur Jack a bhí ag faire ar a theach thríd an fhuinneóig. Chaith sé urchar agus thuit an corp anuas ar an talamh. "Tá Jack marbh anois agat" arsa a bhean "agus crochfar thú nuair a feicfear Jack marbh taobh amuigh de'n fhuinneoig. Gabh amach anois agus cuir é sul a bfeice aon duine é amáireach.(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Informant
- Séamus Mac Flannchadha
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Seanadh Fhraochóg, Co. Galway