School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 07_008
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 07_008
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon uair ámháin bhí bean ann agus bhí aon mhac ámháin aice. Dubhairt an mac le na mháthair lá go raibh Dia amuigh ar an gchlaide agus dul amach dhá feiceal. Dimthigh leí amach. Chuaidh Jack agus chuir sé bráithlín gheal ar fhéin agus dimthigh leis agus sheas sé ar an gclaidhe. D'fhiafhruigh an bhean de Dhia cé leis ag chuirfheadh sí Jack. Séard a dubhairt Dia lei féadfa tú é a chur le gaduigheacht nó le rógaireacht. Dimthigh leis an mbean abhaile go buadhartha. Dimthigh le Jack freisin abhaile agus bhí sé sa mbaile roimh a mháthair. Céárd a dubhairt se leat a mhama adeir Jack. O na bac le céard a dubhairt sé liom a deir an mháthair. Tá fios agamsa go maith céard a dubhairt sé adeir Jack. Ó dubhairt sé liom thú a chur le gaduigheacht agus le rógaireacht. Ó bydad is maith an cheird í sin. Chuaidh Jack go dtí an gaduighe dubh agus shocruigh sé leis air chuig phunt(continues on next page)
- Collector
- Bairbre Ní Churraidhín
- Gender
- Female
- Informant
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- Na Poillíní, Co. Galway