Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Céárd é an rud ba cheart a roint idir chuile duine
Freagra = Grásta Dé
Stainín óir agus é lán le feóil duine
Freagra = Fáinne
Cé'n droicéad na siúbhlann aon duine air
Freagra = Droicead na sróine.
Droicéad ar loch gan maide gan cloch
Freagra leach-oidhre
Dhá ghé roimhe gé, dhá ghé i ndiaidh gé cé mhéad ghé an t-iomlán.
Freagra trí ghé.
Chuaidh trí Dhomhnaill Chrae amach lá ceó ag baint shlat. An t-shlat bhaineadar d'fhagadar i na ndiaidh í agus an t-slat nar bhain thugar leo í.
Freagra = Trí lacha.- Bailitheoir
- Brígid Ní Ghráinne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Flathartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway