School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 08_005
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear i gConmara aon uair amháin agus theastuigh obair uaidh. Aon lá amhain dubhairt sé go dtiochfadh sé ag iarraidh oibre. Dimthigh sé leis nó gur shroich sé Beal Athá na Sluagh. Cuaidh sé ag obair ag fear a bhí ag déanamh tighe. Dhéanadh sé píosa de'n teach chuile lá agus ar maidin bíodh sé leagtha. Aon odhche amhain chuaidh sé suas sa gcrann le go mbeadh fhios aige ce a bhí ag leagan an tighe agus thug sé leis go leor clocha. An oidhche seo tháinic trí fhathach agus thosuigh siad ag leagan tighe. Chaith sé c loch le duine aca agus bhuail sé sa gcluais é agus mharbhuigh sé é. Rinne an fear seo an cleas céadna an chéad oidhche eile. Tháinic dhá fhathach agus thosuigh siad ag leagan an bhalla. Chaith an fear cloch le duine aca agus bhuail sé sa bpus é. Cheap an fathach gurb é an fathach eile a chaith an chloch leis agus thosuigh sé ag troid leis. Bhí siad ag troid ar feadh tamaill agus sa deiridh marbhuigheadh an fathach a buaileadh cloch sa bpus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Churraidhín
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraic Ó Curraidhín
    Gender
    Male
    Age
    64
    Address
    Na Forbacha, Co. na Gaillimhe