Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Múinteoir: (name not given)

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 07_006
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Is fearr greim de choinín ná dhá greim de chat.
2. Tráigheann gach tuile ach tuile na ngrásti[?]
3. Níor chaith aon fhear ariamh carabhat muinéil chomh chomh deas le láimh a pháisde fhéin.
4. Níl cú dhá dhonacht nach fiú feadh a leigint uirre.
5. Is minic cú mhall sonuidhe.
6. Is a gcosa na con a bhíos a cuid
7. Comairle Colmcille,
Sé sin an chomairle chóir,
Rud nach mbainean duit
Na bain dó.
8. Níl fhios ag aon duine cá luigheann an bhróig ar an duine eile.
9. Is maith an Scoil é an saoghal.
10. Tóg t-am-mairfhidh an saoghal i do dhiaidh.
XI. An comhgar chuig an mbiadh is an timcheall chuig an obair.
12. Is iomdha fear fada bhíos lag ina bhásta
13. Is fearr sean fhiacha na sean fholamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bairbre Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. Galway