Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)

Suíomh:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 06_045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Leathanach 06_045
  3. XML “An Gabha agus an Fathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus ní raibh de mhuirghín aige ach aon mhac amháin dar b'ainm Seán. Bhí sé seacht mbliadna d'aois. Aon lá amháin thárla rud a chur an bhrón ar an athair. Bhí sé go deirneach sa tráthnóna agus ní raibh Seán istigh. Bhí sé in-am aige a dhul a chodhladh. Ní raibh a fhios ag a athair cá raibh sé. Chuartaigh sé Seán i ngach seomra sa teach ach ní bhfuair sé Seán in aon áit. Bhí an imnidhe ar a athair mar bhí an chion aige ar Seán. Chuir sé teachtairí a thóir féachaint a ngeobhfadh siad é in aon áit sa tír. Ach nuair a tháinic siad ar ais dubhairt siad nach bhfaca siad Seán in aon áit.
    D'imthigh na laetheannta thart ar an chaoi sin go dthí go raibh seacht mbliadhna caithte, Ní raibh súil ag an duine uasal go bhfeicfeadh sé a mhac go deo. Ins an mbaile céadhna bhí gabha ann. Aon oidhche amháin tuairm is seacht mbliadhna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Nualláin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Flannchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe