School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_042](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070C%2FCBES_0070C_06%2FCBES_0070C_06_042.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_042
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ualach de'n ór leo, agus d'fagadar sa mbaile é.
Tháiniceadar isteach lár na bhárach go dthí an baile mór ag ceannacht rudaí agus neart airgid aca. Fuair an duine uasal an t-ór imthighthe, agus dubhairt sé leis na Gárdaí mara bhfáighdís greim ar Jack agus é a thabhairt chuige féin go mbainfeadh sé an ceann díobh. D'imthigh siad ag tóraidheacht Jack annsin, agus fuaireadar istigh i dteach ósta é. Thugadar go dthí an duine uasal Jack. "Tá tú i ngreim faoi deire" deir an duine uasal. "Táim" adeir Jack. "Tá tú indhan chuile nidh a thogróchas tú a ghoid" adeir an duine uasal. "Táim["] adeir Jack. "Sgaoilfidh mé leat" arsa an duine uasal, "ma ghoideann tú anocht an bráithlín atá ar an leaba a mbeidh mé féin is mo bhean(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Informant
- Séamus Mac Flannchadha
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Seanadh Fhraochóg, Co. Galway