School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 10_001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 10_001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 10_001
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhi baintreach ann fadó agus bhí triúr inghín aice bhíodar a maireachtáil le chéile go suimhneach ar feadh tamaill. Ach faoi dheire dubhairt an cailín ba shine aca, go raibh sé in ám aice fhéin a dhul a saothrú a beatha. "Tá go maith adeir an mháthair tá mé sásta". RInne an mháthair dhá cháca an oidhche sin, cáca beag agus cáca mór, agus nuair a bhí an cailín ba shine ag imtheacht an mhaidin in a dhiaidh sin. D'fhiafruigh an mháthair dhí cé aca a bfearr léithe an cáca beag aus a beannacht, nó an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt an t-inghín ba shine go mbfearr léithe an cáca mór ná an cáca beag, agus thug an mháthair an cáca mór dhí. Dimthigh sí léithe annsin gur bhuail ocras í, suidh sú sios in aice le tobar ins an gcaoi go mbeadh sí ag ól cho maith le bheith ag íthe. Ach ba ghearr go dtáinic mada beag anios as an uisce ag d'iarr sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Dhroighneáin
    Gender
    Female
    Informant
    Siubhán Ní Dhroighneáin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Coisméig Mór, Co. na Gaillimhe