Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe). “Do chonac na craicne fén leabaidh,” arsa an seanadhochtúir. Bhí go maith. Cúpla lá na dhiaidh san cuireadh fios ar an dochtúir óg chun seanabhean bhreoite do leigheas. Chuaigh sé isteach sa seomra ’na raibh an duine breoite. Is é an chéad rud a dhein sé ná féachaint fén leabaidh agus cad a chífeadh sé ach crú capaill. Do chrom sé a cheann is duairt sé;- “d’ithis capall, seachain é sin a deirim leat nó ní fada go mbrisfidh ort.” Níor thug muintir an tí sin é arís agus bhí an dochtúir óg ’na cheap magaidh ag na daoine as san amach is ní raibh an tseanabhean ró-bhuíoch do.
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní féidir ceann críonna do chur ar cholainn óig.