Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí bean mhaith aige. Bhí an fear ana-dhoicheallach ach bhíodh sé i gcónaí ad iarraidh drochainm a thabhairt dá mhnaoi i dtreo gur air féin a bheadh an ainm mhaith. Feirmeoir ab ea é agus bhíodh daoine ag obair aige agus nuair a thagaidís isteach chun a gcuid bídh bhíodh sé i gcónaí ag rá lena mhnaoi rud éigin ní b’fhearr a bheith aici dhóibh agus ansan dá dtugadh sí aon rud fónta dóibh do ghabhadh sé uirthi nuair a théadh na fir amach.
Lá amháin bhí meitheal fear aige ag baint móna. Bhí feircín ime líonta agus nuair a tháinig na fir isteach chun an dinnéir do thug sí an leanbh dá fear chun aire a thabhairt di an fhaid a bheadh sí féin ag fáil an dínnéir. Do thug sí prátaí agus bainne dhóibh le n-ithe agus mar ba ghnách duairt a fear léi an raibh aon rud ní b’fhearr aici. Duairt sí ná raibh. “Airiú,” ar seisean, “nár líonais feircín ime indiu”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí