Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 048

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 048

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 048
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí duine i mbéal bháis i n-áit iargcúlta éigin le linn Phádraig naomtha a theacht go hÉirinn. Bhí an fear bocht, gan duine gan daonaidhe, i n-a aonar agus gan éinne chun glaodhach ar shagart ná ar bhráthair chuige chun na h-ola a chur air i gcóir an bhóthair fhada. Bhí ár Slánuightheóir ag feachaint anuas le truagh agus le taise air mar duine mín macánta i rith a shaoghail, do beadh an duine bocht so. Cuaidh ár Slánuighteóir ag triall ar Phádraig Naomth agus chuir Sé cogar ina chluais ghá rádh leis brostú chun an duine bhoicht seo
    D’imhthigh Pádraig le geal-deabhadh fé n-a dhéin agus do chuir sé an ola dheidheanach air. Leis sin, dimhthigh an t-anam as, ach níor imthigh sé i gan fhios do naomh Pádraig, mar chonnaic Pádraig an t-anam ag dul trí h-uaire, as a chéile ón gcorp go dtí an doras agus tar n-ais arís, agus thug an t-anam póg don chorp gach uair acu
    Chuir sé seo ionga a chrodhe ar Phádraig Naomtha, ní fheaca sé a leithéid riamh cheana, agus d’fhiafraigh sé dár tSlánuightheóirr cad fé ndear é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Sheitheacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí