Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 086

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 086

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 086
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peigí D. Ní Loingsigh, Ladhar na Gaoithe. Aois – Dhá bhliain déag 14-2-’38
    Béaloideas – Scéal
    Bhí fear ó Chontae Chorcaí agus fear ó Chiarraí ag áiteamh ar a chéile féachaint ciocu contae ab fhearr. Duairt an fear ó Chontae Chorcaí gur fearr an talamh a bhí i gContae Chorcaí. Duairt an Ciarraíoch, “Cá bhfuil an talamh maith i gCorcaigh?” agus do fhreagair an fear eile é agus duairt sé, “Cois Laoi, cois Brídeach, cois Bandan.” “Ó,” arsa an fear ó Chiarraí, “tá talamh níos fearr ná san i gCiarraí; tá sé cois Leamhna, cois Fleasca, cois Leamhaire, agus ó Chiarraí dob ea Dónall Ó Conaill agus ní raibh aon fhear chomh maith leis i gContae Chorcaí.” “Más ea,” arsa an Corcaíoch, “tá trí Easpaig i gContae Chorcaí agus níl ach aon Easpag amháin i gContae Chiarraí agus caitheann sé cuid de Chontae Chorcaí d’fháil chun é do choimeád suas.” Annsan duairt sé, “Uíbh Ráthach, Uíbh Ráthach na ndragún liath sin é an áit ’nar fhág Pádraig le beannú ag Dia,” agus bhí buaite ag fear Chorcaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí D. Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí