Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois - Trí bliana déag go leith
    5-12-’38
    Béaloideas – Scéal
    Tá mórán céadta blian ó shin ann ór fhógair Naomh Fionnbarra go mbeadh
    Aifreann agus seanmóin aige sa Ghuagán ar an tríú lá fichead do Mheán Fhómhair. Do tháinig neameon daoine ó gach aon áit ann. Lá ana-bhrothallach dob ea é. I meán lae do dhoirchigh sé agus do tháinig tóirneacha agus splancacha móra. Do tháinig scanradh ar na daoine. Do labhair Naomh Barra leo:- “A dhaoine,” ar seisean, “ná bíodh aon eagla oraibh mar táimse chun dul go Baile Bhúirne chun go bhfeicfidh mé an teampall atá déanta ag Naomh
    Gobnait. Gluaisígh liomsa, a dhaoine,” ar seisean agus d’imíodar leis. “Geallfadsa díbh ná déanfaidh tóirneach ná splanc aon díobháil go brách arís idir mo theampallsa agus teampall Naomh Gobnatan,” agus níor dhein riamh ó shin, buíochas le Muire agus le Naomh Fionnbarra an Ghuagáin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Liatháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí