Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 057

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 057
  3. XML “Béaloideas agus Paidir”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo paidir chun Naom Gobnatan a deirtear nuair a téightear go Baile Mhúirne ag tabhairt dturus.
    Go mbeannuighe Dia dhuit a Ghobnait Naomhtha,
    Go mbeannuighidh Mhuire dhuit is beannuighim féin duit.
    Is chúghat-sa a thánag ag gearán mo scéil leat
    Is ag iarraidh mo léighis ar son Dé ort.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shuibhne
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí
  2. Tá áit i gcómharsanacht Bhéal-átha-an-Ghaorthaidh agus sé an ainm atá air na Doire na Buairce. Sé an cúis gur tughadh an ainm sin air ná seo:-
    Bhí bean ag crúdh bó in aice coille annsan fadó agus bhí buaircín ar an mbuin. D’airigh sí duine taobh thiar di, dfheuch sí agus chonnaic sí firín ana bheag na shuidhe fé chrann agus dubhairt sé léi go raibh sé ag tabhairt aire do phróca óir a bhí fé'n gcrann agus annsan scéinn sé as a radharc. Do bhain sí an buaircín do'n bhuin agus do chuir sí ar an gcrann é chun go n-aineóchadh sí an crann airís.
    Nuair a tháinig sí har-n ais i gcionn tamaillín, bhí buaircín ar gach crann róimpe agus níor fhéad sí an t-ór d’fhághail.
    Sin fáth gur tugadh Doire na Buairce ar an áit
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.