Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máire Ní Shuibhne, Túirín Dubh. Aois – Dhá bhliain déag
27-5-’38
Béaloideas
Chuaigh fear isteach chun faoistine lá amháin agus d’fhiafraigh an sagart de cad é an tslí bheatha a bhí aige. “Ó, ’Athair,” ar seisean, “Acrobat is ea mise.”
“Cad é an saghas ruda é sin?” ar seisean. “Taispeánfad duit é,” arsa an fear.
Do chuaigh sé amach ar an urlár ós comhair an bhosca. Do sheas sé ar a cheann agus do dhein sé mórán geáitsí eile.
Tar éis tamaill chuaigh cailín isteach chun faoistine go dtí an sagart céanna. “In ainm Dia, a athair,” ar sise, “ná cuir an pionós céanna orm a chuiris ar an bhfear ó chianaibh mar ní féidir liom seasamh ar mo cheann ar aon chor.”- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí