Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa drochshaol fadó – ní miste dhom drochshaol a ghlaoch air sar ar leagadh cíosanna dos na daoine, agus go deimhin féin tá drochshaol ann leis fé láthair anois, ach an uair sin, mar a duart cheana, do mhaireadh na daoine ana neamh chostasúil. Ach bhí na cíosanna ana-mhór.
    Do bhí m’athair, lá, thiar anso ar thaoh an bhóthair ag baint giúise agus á bhriseadh. Bhí sé an-achomair don bhóthar san áit go raibh sé, agus toisc bheith ag bualadh agus ag pléascadh ar feadh an lae agus an lathach mórthimpeall ar an gcreachail giúise, bhí gach aon phioc de dubh, salach, smeartha. Do ghaibh daoine éigin an bóthar i gcarráiste – ba mhó go mór le rá carráiste an uair sin ná gluaisteán anois.
    Ach chuir duine éigin acu speic air ar aon chuma. Ní fheadarsa ciocu ag magadh fé a bhíodar, nó ad iarraidh bheith ag magadh fé. “Conas tánn tu?” ar seisean. Thóg sé a cheann agus sé seo an freagra a thug sé air:- “Táim,” ar seisean, “go trochailte, giobalach, liobarnach, lópach, an landlord ’om clipeadh is gan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Mhuimhneacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Charraig, Co. Chorcaí