Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peigí Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois – Trí bliana déag
    31-3-’38
    Béaloideas – Scéal
    Bhí cailín agus buachaill i ngrá lena chéile uair amháin ach níor thaitn an buachaill le hathair an chailín. Dhein sé cleamhnas di le fear eile agus do thug sí cuireadh don seanabhuachaill teacht go dtí an pósadh. Nuair a fuair sé an cuireadh do tháinig taom bróin air agus fuair sé bás.
    Do bhí athair an chailín ag dul go dtí an tórramh ach ní leogfadh sé dá iníon dul in aon chor. D’éalaigh sí treasna na páirce go dtí tigh an tórraimh agus bhí sí ag gol os cionn an choirp go dtí gur thit sí agus fuair sí bás leis.
    Do cuireadh iad in aon reilig amháin agus os a gcionn d’fhás crann mór. Dhá chrann a bhí ann ar dtúis ach d’fhás siad le chéile ansan in aon chrann amháin. Tá scéal fada ann ach ghiorraíos é. In Achadh Dá Eo do thit so amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Cheallacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí