Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí naomh in Éirinn uair gurbh ainm do Mo Chua. Duine ana-bheannaithe dob ea é. Ní raibh ach trí seoda aige, coileach agus luch agus cuileog. Manach dob ea Mo Chua agus mar gheall air sin chaitheadh sé éirí go minic san oíche chun paidreacha a rá.
Nuair a thagadh tráth na bpaidreacha gach oíche do ghlaodh an coileach agus mhúscladh sé Mo Chua. Dob fhearr an coileach ná aon chlog.
Do bhíodh mórán oibre le déanamh ag Mo Chua sa ló. Scoláire mór dob ea é agus scríobhadh sé a lán.
Toisc ná bíodh ach beagán codlata á dhéanamh aige istoíche.
Is minic a thiteadh a chodladh air sa ló. Ansan thagadh an luch ghlic agus bhíodh sé ag scríobadh cluaise mochu(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Oileán Eidhneach Thiar, Co. Chorcaí