Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear siúil ag gabháil ar fuaid na mball so fadó agus do ghlaoigh sé chun tí ag lorg lóistín na hoíche. Duairt fear a’ tí leis go bhfaigeadh agus fáilte ach go gcaithfeadh sé scéal fiannaíochta a insint. Do bhí an tráthnóna fuar, fliuch. Ní raibh aon scéal fiannaíochta ag an bhfear mbocht ach d’fhonn gan é a chur amach do gheall sé go neosadh.
Sea, nuair a tháinig an oíche, agus nuair a bhíodar timpeall na tine, socair síos, duairt fear a’ tí leis tosnú ar an scéal. Do thosnaigh sé mar seo:- “Do ghaibh Fianna Éireann,” ar seisean, “an cnoc suas lá agus do ghabhadar an cnoc anuas lá.” Do lean sé air mar sin á rá agus ní raibh sé ag dul níosa shia ar an scéal. “Darfa Dia,” arsa fear a’ tí, “cuir amach as an gcnoc uair éigin iad.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí