Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 072
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máire Ní Chríodáin, Drom an Ailtig. Aois – Trí bliana déag
    21-1-’38
    Béaloideas – Scéal
    Do bhí siúinéir ag obair i séipéal fadó agus bhí sé ar lóistín i dtigh feirmeora.
    Nuair a eirigh sé maidean lae Bealtaine bhí bean a’ tí ag déanamh na cuiginne.
    Tar éis tamaill tháinig buachaill isteach agus chuir sé sméaróid ’na phíopa agus amach an doras leis. Do bhí ag teip ar an mnaoi an chuigeann a dhéanamh agus duairt an siúinéir léi go dtabharfadh sé féin cúnamh di ach duairt sí sin leis nárbh aon chabhair do é mar gur thóg an buachaill an sméaróid as an dtine.
    Do tháinig trua ag an siúinéir di agus amach an doras leis agus fé dhéin na páirce ’na raibh an buachaill ag obair. Ghlaoigh sé chuige é agus d’iarr sé an píopa air. Fuair sé é agus tháinig sé thar n-ais go dtí an tigh leis agus d’iompaigh sé a raibh ann isteach sa tine; agus níor dheineadar ach casadh amháin a thabhairt don mheidir nuair a deineadh an chuigeann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chríodáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Drom an Ailigh, Co. Chorcaí