Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 148

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 148

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 148
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanfhocal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí dochtúir óg tar éis teacht abhaile ar a laeteanntaibh saoire agus dinntiúirí a chéirde aige ach bfada uaidh gliocas a athar, sé sin an sean-dhochtúir, a bheith aige.
    Cúpla lá tar éis teacht abhaile do glaodhadh ar an seana-dhochtúir go dtí sean-duine breóite is cuaid a mhac, an dochtúir óg, le na chois.
    Chuadar isteach go dtí an seomra 'na raibh an duine breóite agus bhí an dochtúir óg ag tabhairt gach rud fé ndeara.
    Cuir amach do theanga arsan seana-dhochtúir. Do dhein an sean-duine amhlaidh. Do mhothaig sé a chuisle annsan is chrom sé a cheann agus dubhairt " bíonn tú ag ithe orráisti a fhir mhaith."
    "O bím, tá dhuil agam in orráistí." "Ní mór duit iad do thabhairt suas feasta arsan seana-dhochtúir. Do dhein an sean-duine mar a duabhradh leis, agus do imthig an bheirt aca abhaile.
    "Cionus a fuarais amach go raibh sé ag ithe oraistí arsan mach".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí P. Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí
  2. Bhí dochtúir óg tar éis teacht abhaile ar a laeteanntaibh saoire agus dinntiúirí a chéirde aige ach bfada uaidh gliocas a athar, sé sin an sean-dhochtúir, a bheith aige.
    Cúpla lá tar éis teacht abhaile do glaodhadh ar an seana-dhochtúir go dtí sean-duine breóite is cuaid a mhac, an dochtúir óg, le na chois.
    Chuadar isteach go dtí an seomra 'na raibh an duine breóite agus bhí an dochtúir óg ag tabhairt gach rud fé ndeara.
    Cuir amach do theanga arsan seana-dhochtúir. Do dhein an sean-duine amhlaidh. Do mhothaig sé a chuisle annsan is chrom sé a cheann agus dubhairt " bíonn tú ag ithe orráisti a fhir mhaith."
    "O bím, tá dhuil agam in orráistí." "Ní mór duit iad do thabhairt suas feasta arsan seana-dhochtúir. Do dhein an sean-duine mar a duabhradh leis, agus do imthig an bheirt aca abhaile.
    "Cionus a fuarais amach go raibh sé ag ithe oraistí arsan mach".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí P. Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí