Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 184

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 184

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 184
  3. XML “Scéal - Seáinín an Chlúimh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ’na cónaí i dtigín beag ar thaobh an bhóthair aon uair amháin. Ní raibh ach aon mhac amháin aici. Seáinín dob ainm do agus bhí sí ana-cheanúil air.
    Lá amháin d’fhág sí i mbun an tí é. Bhí ana-dúil i bhfeoil aige agus duairt sé leis féin go maródh sé an coileach, nó an bardal, ach theip air breith orthu. Ach do chuimhinigh sé ar ghé a bhí ar gor fén staighre agus do mhairbh sé an gé agus d’ith sé í.
    Nuair a bhí an gé ite aige do fuair sé piliúr agus d’oscail sé é agus chuir sé an clúmh in airde ar na huibhe chun iad do choimeád te. Tar éis tamaill d’fhéach sé orthu ach bhíodar fuar amach. Ansan duairt sé leis féin go luífeadh sé féin ar na huibhe agus do léim sé isteach sa nid. Do bhris sé iad go léir agus cheangail an clúmh agus é féin lena chéile.
    Nuair a tháinig a mháthair abhaile do ghlaoigh sí air. “Gog gog,” arsa Seáinín, “táim ar na huibhe.” Duairt sí:- “cad a bheir duit
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire P. Ní Cróinín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí