Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “Bealoideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó, fadó, nuair a bhí an tAthair Seoirse ’na shagart paróiste in Inis Beithe do théadh sé ó go Gleann Cárthaigh gach Domhnach ag lé’ aifrinn ann. Maidin áirithe dá raibh sé ag dul ó dheas do bhuail scata garsún uime a bhí istigh i bpáirc agus iad ag bualadh báire. Do chuaigh an liathróid idir bheirt gharsún. Do scread duine acu ar an duine eile. Fair dheas a dhiail, h-anaman diar fair deas. Do chonaic an sagart an buachaill ach ní fhaca an buachaill an sagart agus ní raibh a fhios aige cá raibh sé ’na sheasamh go raibh greim ag an sagart ar bhior a chluaise air.
    “Tá tú tagartha go maith,” arsa an sagart, “ach b’fhéidir ná fuil do cheachtanna chomh maith san agat – an mó Dia ann?” arsa an sagart. “Á! bog dom chluais, a athair,” arsa an garsún, “agus neosaidh mé dhuit.” Ach níor bhog an sagart dá chluais, ach is amhlaidh a bhain sé stathadh agus tarrac as.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    9
    Seoladh
    Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí