Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peigí D. Ní Loingsigh, Ladhar na Gaoithe. Aois – Dhá bhliain déag
27-4-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí beirt gharsún ag imirt cnaipí lá amháin. An lá so bhí cuid mhór cnaipí ag duine acu. Bhíodar ag dul thar choill agus bhí reilig in aice léi. Duaradar lena chéile go raghaidís isteach sa reilig agus go roinnfidís na cnaipí lena chéile istigh.
Chuadar isteach, ach nuair a bhíodar ag dul treasna an fhalla do thit dhá chnaipe uathu. Shuíodar síos taobh istigh don fhalla agus thosnaíodar ar na cnaipí do roinnt mar seo:- “Ceann domhsa, ceann duitse, ceann domhsa, ceann duitse,” agus mar sin.
Bhí an oíche ag titim agus bhí sé ag dul i ndoircheacht. Bhí fear ag gabháil thar an reilig agus d’airigh sé an glór istigh ag rá:- “Ceann domhsa, ceann duitse.” Tháinig scanradh air agus do rith chomh mear agus dob fhéidir leis.
Do bhuail fear eile uime agus d’fhiafruigh sé dhe cad fé ndeár an scanradh nó an amhlaidh go bhfaca sé sprid. “Ní fhaca,” arsa an fear, “ach d’airíos ceann ag labhairt.” “Cad é an áit?” arsa an fear eile. “Istigh sa tseanreilig,” ar seisean. “Ó ná géill do rudaibh mar sin,”arsa an fear eile. “Is fuiriste é sin do rá,” arsa an chéad fhear, “ach seo leat liomsa go dtí an reilig go bhfeicfidh tú féin an fíor nó bréag é.” Chuaigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí